Scoil: O'Brennan, Baile Mhic Ealgóid, Tráighlí
- Suíomh:
- An Tóin Riabhach Íochtarach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pádraig Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: O'Brennan, Baile Mhic Ealgóid, Tráighlí
- XML Leathanach 305
- XML “An Dúthaigh thart timpeall na Scoile”
- XML “Ciarraí Luachra”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)'S í an abha mhór is giorra dhúinn ar an dtaobh thoir theas ná Abha na Mainge - agus an baile mór is giorra dhúinn ar an dtaobh thoir ná Oilean Ciarraidhe - cé nách ngabhann an baile ná an abha leis an bparóiste seo.Dúthaigh iseadh í seo go bhfuil a lán Protastúnach agus Planndathóirí gallda ann, agus sloinnte Gaedheal 's Gall lé clos ar fúid an pharóiste. Ní h-amháin Gaill a tháinigh ó Shasana, acht anall ó'n nGearmáin a thánadar chun chur futha - le cead an Riaghaltais Ghallda - sa duthaigh saidhbhir seo.Tá Poffs, agus Jones ann, Hasset, Hoffman agus Falcon, Pollards, Chutes, Mansfields, Lendons, Talbots, Neills, Wests, Milwards (a d'iompuigh 'na gCaitilicigh) Petes, agus Martins. Ní ghádh dom a rádh go bhfuil an chuid ba shaidhbhre de'n talamh aca.
- Is i gCiarraí Luachra tá an paróiste seo suidhte ba mhó agus b'fhairsinge, achar na dúthaighe seo in-allód ná mar a mheastar fá láthair.Deirtear gubh'í abha na Mainge teóra deiscirt na dúthaighe seo, agus gurbh'í an áit Ciarraí Luachra ná an dúthaigh leathan-gharbh, fhiadhain a ghabhann ó thuaidh(leanann ar an chéad leathanach eile)