Scoil: O'Brennan, Baile Mhic Ealgóid, Tráighlí

Suíomh:
An Tóin Riabhach Íochtarach, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Pádraig Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0444, Leathanach 323

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0444, Leathanach 323

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: O'Brennan, Baile Mhic Ealgóid, Tráighlí
  2. XML Leathanach 323
  3. XML “Na Ceithre Paróistí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Cé go raibh OCHT bparóistí ar leithligh sa dúthaigh seo - síos go dí an 10adh nó an t-aonmhadh aois deug - (nó b'fhéidir nios déidheanaighe) do meascadh iad na dhiaidh sin - agus do deineadh CEITHRE paróistí dhíobh
    Tuigfimíd é seo ón dtuairisc sa bhliain 1291 AD. chuir an Pápa (Nioclás IV.) bulla amach agus d'órduigh sé cíos-cháin Eaglaise do bhailiú ar fúid an domhain agus ar fúid na Críostaidheachta uilig cun costas "cogadh na croise" do dhíol. Bailigheadh an cháin seo i ndeoiseas Chiarraí i mbliadhain 1302. San am san bhí 4 paróistí sa dúthaigh seo:-
    (1) Baile ó Síoda
    (2) Cill Chuain
    (3) Nuachongbhail
    (4) Uaimh Bhréanainn
    Cuireadh Cill Dubh lé h-Uaimh Bhréanainn.
    Cuireadh Cill Bhán, Cill Cham agus Airbhile lé Cill Chuain
    Tá na ceithre Paróistí san marcálta i léarscáilí an Conndae Dhíol siad an Cháin mar seo:-
    (1) Baile ó Síoda 10/-
    (2) Nuachongbháil £1
    (3) Uaimbhréandain 10/-
    (4) Cill Chuain 13/4
    Bhí airgead nios gainne an uair sin ba ionann 10/- an uair sin agus idir £25 - £30 indiu

    Chun an cháin sin do bhailiú ní raibh na paróistí thuas sa dhéadhanacht cheudna - bhí Baile ó Síoda agus Nuachongbháil (King) i ndéadhanacht Triuch-an-Aicme (Tráighlí) bhí Uaimh Bhréanainn i Cill Chuain i ndéadhanacht ó Dórna agus Cill Fhloinn.
    Tá daoine sa dúthaigh seo agus nuair a gheibheann siad bás cuirtear i gCill Fhloinn iad.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge