School: O'Brennan, Baile Mhic Ealgóid, Tráighlí
- Location:
- An Tóin Riabhach Íochtarach, Co. Chiarraí
- Teacher: Pádraig Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: O'Brennan, Baile Mhic Ealgóid, Tráighlí
- XML Page 306
- XML “Ciarraí Luachra”
- XML “Na Ciarraígh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ó'n line a cheangluigheann Cill Airne leis an abhainn sin. Ba iongantach an áit í fadó - bhí dluth-aimhréidhe na gcoillte mar ionad ceilte ag áitreabhaighe agus lucht ceannais na dúthaighe, agus aon áit -inaice lé Sliabh Luachra - go raibh cómhnuidhe ar aoinne dé Sliocht Chiarraí, ba cheart " Ciarraí Luachra " a thabhairt ar an áit sin.
- Na CiarraidhighDeirtear go raibh treabhachas agus seilbh ag Sliocht Ciarraí ó Abha na Mainge go Béal na Sionainne agus an conndae go léir thuaidh de raon Sleibhte Bhréanainn. Tá sé ráidhte go dtángadar adtuaidh in-éinfeacht lé Feargus Mac Ríogh timcheall na bliadhna 1 A.D. acht 'sé mo thuairim go raibh na Ciarraidigh sa conndae seo roimh an bhliain sin. 'Sé an rud a deireann úghdair eile go dtangadar roimh gabháltas na gCeilteach - sa bhliain 400 R.C. - cé gur Cheiltigh iad féin, mar d'adhraidís déithe na gCeilteach. Cuireann an t-ainm "Triuch-an-Aicme" i gcuimhne duinn áit dhúthchais Sliocht Chiarraí - mar b'é an treabh atá i gceist ná aicme Chiarraí.Dréir Comhlucht Gaedhealach an tSean-Eólais 1881 - 'sé an bronntanas a thug an Rí Sean do Mhaolmhuire (Mheyler) ná aicme Ciarraidhe