School: O'Brennan, Baile Mhic Ealgóid, Tráighlí
- Location:
- An Tóin Riabhach Íochtarach, Co. Chiarraí
- Teacher: Pádraig Ó Loingsigh
![The Schools’ Collection, Volume 0444, Page 336](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0444%2FCBES_0444_336.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0444, Page 336
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: O'Brennan, Baile Mhic Ealgóid, Tráighlí
- XML Page 336
- XML “Roimh Teacht na Normannach”
- XML “Teacht na Normannach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Timcheall na bliadhna 1172 - b'iad na taoisigh mhóra a bhí i gceannas ár gCondae ná : -
(1) Ua Conchubhair - i dtuaisceart an Chonndae
(2) Mac Cárthaig Mór : Ó Súilleabháin Mór: agus Ó Donncadha - i lár an Chonndae
(3) O Súilleabháin Bhéarra - i ndeisceart:
Ina dteannta so bhí na fó - taoisigh nó na tighearnaí beaga:-
Ó Failbhe, Mac Giolla Choda, O Conaill agus Ó Mathghamhna.
Do shíolruigh Ó Súilleabháin Mór agus MacGiolla Choda ó Oillill Ollum rígh Cúige Mumhan a fuair bás sa bliain 234AD.
Ach ba chómhachtaighe i bhfad Mac Cárthaig agus Ó Donnchadha ná ceachtar díobh so: b'é MacCárthaigh rígh an Chonndae nach mór. Tá áit annso ar a dtugtar Baile Chárthaigh: ní feadar an bhfuil aon baint aici le MacCárthaigh.
Is deachair a dhéanamh amach cé bhí 'n-a mháighistir ar an dúthaigh seo sar a dtáinig muinntear Mac Ealaghóid. - Tháinig Enrí ll go h-Éirinn 1172 agus tá sé ráidhte go ndeachaidh MacCárthaigh chómh fada lé Portláirge chun a mhor-thighearnas d'admháil. Mar gheall ar sin d'éirigh a mhac 'na choinnibh agus ghlaodhaigh Mac Cárthaigh isteach ar Normánach darbh 'leasainm dó "Réamonn Reamhar" chun an mac do smachtú: do marbhuigheadh an mac. Mar gheall ar an "deagh-obair" a dhein Réamonn do bhronn MacCárthaigh mar luach saothar air dúthaigh mór áluinn i dtuaisceart Chiarraighe timcheall an bhaile - "Leacsnámha". Bhí mac ag(continues on next page)