Scoil: Gníomh go Leith (B.) (uimhir rolla 1703)
- Suíomh:
- Gníomh go Leith, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Cormac Ó Laoghaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- "In Aimsear na nDubh gCrónach"
Go lúath ar maidin ar an dtríomhadh lá de mí na Nodhlag san mblíán 1922, tháinig na h-Auxillaries go dtí an t-sráid-bhaile seo. Saighdiúirí cródha, dána, neamh-eaglacach do b'eadh íad. Ní raibh eagal duine nó Dé ortha. An lá úd do dheineadar scrios annso. Bhí duine nar bh'ainm do McKenna mar Captaon ortha.Thángadhadar tímhceall ar a deich a clog. Chuireadar ciorcal saighdiúirí mór-thímcheall an t-sráid-bhaile. Annsan tháinig cuid acu isteach, ag lorg na lithreacha a bhí gabhtha ag na Poblactánaigh cúpla lá roimhe sin. Núair nár b'féidir leo iad súd d'fháhail, bhíódar ar lán buille. Chúadar isteach ins na tighthibh tábhairne, agus d'óladar a n-dhóthain. Annsan chúadhar síos go tig Ainndríais Uí Mhuímhneacháín, agus os chómhair a dhá shuil amach, dhóghadar a scioból.Annsan thóadar é féin leo san ngluaisteán airm. Do chuir beirt acu a ngunnaí cun a chinn agus scaoileadar dhá urchar le chéile i dtreó a chínn. Annsan(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- M. O Dálaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Com, Co. Chiarraí