Scoil: Gníomh go Leith (B.) (uimhir rolla 1703)
- Suíomh:
- Gníomh go Leith, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Cormac Ó Laoghaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sórt mná ón t-saoghal eile is ea í an bhean sídhe, Nuair go mbíonn aon duine de mhuinntear Mhuimhneacháin ag druidim chun báis, cloistear an bhean sídhe ag gol.Fadó, bhíodh na daoine ag dul go Corcaig le feircín ime. Do théighidís ar thuitim na h-oidhche agus do bhídís ag dul tríd an oidhche. Tímcheall ar mheadhon - oidhche do chloisidís an Bhean-Sídhe ag gol. Do bhíodh sí i bhfuirm muice, mná agus úaireannta do bhíodh sí i bhfuirm fir. Bhí mo mháthair críona agt teacht ó Chorcaig óidhche amháin le rudaí le ndíol in a siopa. Ní raibh bróga ná stocaí uirthi.Bhí sé tímcheall meadhon oidhche an uair sin. Bhí sí ag dul treasna áite darbh ainm do Doire-na-Sagart, agus do bhuail bean lei. Bí gúna bán ar an mnaoi sin. Tímcheall mí nó mar sin, na dhiaidh sin, fuair mo mháthair críona bás.
Cúpla bliadhain(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Dómhnall Ó Suileabhain
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gníomh go Leith, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Mícheál Mathúna
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gníomh go Leith, Co. Chiarraí