School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Location:
- Cill Airne, Co. Chiarraí
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Seanchas i dtaobh na h-aimsireDá mbeadh solas gorm sa dteine do bheifeá istig le-h-aimsir ana-bhriste.
Dá mbeadh mórán bearradh caorach san spéir do thiocfadh aimsear an-fhuar, an bhriste.
Nuair a bheadh an cat ‘á iontó féinig cun na teine bheifeá istig le h-aimsear an-bhriste.
Nuair a bhíonn an gadhar ag stracadh an fhéir ghlais, bíonn ana dhroch aimsear chugat.
Aimsear ana strachaithe a bheadh ann. Dá gcuireadh an gadhar amach gach aon rian de fé ceann uair a’ chluig
Is minic a deireadh na sean-daoine. “tóghaidh an fhéar ana thapaidh.” Tá an t-Oileán Garbh á’ labhairt chomh luath agus a labhrann sé beidh na clocha ag eirighe mar sobal na h-abhann. “Tá paiste ar an dtaobh thuas de-an sconnadh geal” a tugtar air. Nuair a labhrann san, bíonn aimsear an-bhréagh ag teacht.
Gaoth Tá sé ag teacht anior aduaidh agus ní fhéadfadh sí teacht ó áit níos measa. Tuitfidh tuile mhór bhaistighe aiste i gcionn uair a chluig. “Braitheann síad cúcha an uain:”a deireadh na sean daoine nuair a chíodh síad na h-ainmhidhthe ag rith cun an tighe.
Comharthaí Sheacha. Nuair a bhíonn an gaoth cómh fuar(continues on next page)- Informant
- Pádraig Ó Suilleabháin
- Gender
- Male
- Address
- Cill Airne, Co. Chiarraí