Scoil: Cnoc na Bró

Suíomh:
Cnoc na Bró, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Mícheál Ó Scannaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0457, Leathanach 550

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0457, Leathanach 550

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cnoc na Bró
  2. XML Leathanach 550
  3. XML “Seán Bráthair ó Concúbhair”
  4. XML “Nár Leogadh Dia Aon Fheoil Dhíobhálach chugainn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Nár leogadh Dhia aonfheóil díobhálach cúghainn
    Is minic a cloistear an seanfhocal seo ag daoine aosta nuair a bhíonn siad ag tagairt d’fheóil. Do ceapadh na daoine críonna fadó dá bhfaghfaidís a ndoithín feóla do dtreabhadh na cnoic. Bhí lanamhna de Muinntir Caoimh agus ar nós mórán dúil a’ domhan ag a bhfear agus mblúirín feóla agus do bhíodh sé a d’iarraí blúirín do sholáthar cuige féin i gcómhnuidhe, ba cuma leis an mnaoí aon nídh i dtaobh feóla agus ní cás uirthe go bhfeicfheadh sí í.
    Do thárla do raibh molthachán caorac acu agus do theastuigh ó’n bhfear é mharbhú agus ithe dhó féin agus ní leogfhadh a bhean dó é. Is stige gur dheaghad cun suidhte le’n a céile cun aicrinn is cun aigh agus má dheaghadhar do fúair an bean an ceann ab fhearr do’n sgéal agus níor marbhuigheadh an molthachán suid agus do coisgeadh an fear ar an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge