School: Tulca (roll number 1396)

Location:
Na Tulacha, Co. Chiarraí
Teacher:
Mícheál Ó Dálaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 274

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 274

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tulca
  2. XML Page 274
  3. XML “An Chuigeann”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Pé duine a thagadh isteach agus an chuigionn a dhéanamh bhíodh air nú uirthi greas do bhualadh uirthi ar eagla go ngoididís an t-im. Agus ní raibh sé de chead ag aoinne dul idir an mheidir agus an teine nuair [a] bhíodh siad ag déanamh cuiginne.
    Bheireadh gach duine greim ar an loinithe lena lámhaibh agus bhíodh sé ag obair an loinithe síos suas ar feadh tamaill, agus nuair [a] thagadh tuirse air, dheineadh duine eile mar an gcéadna go dtí go mbíodh sí déanta. Dá bhfeicidís an loinithe glan gan cnapóga beaga den im ceangailte leis, thuigidís go raibh an chuigionn déanta, agus annsan dheinidís an mheadar a shuathadh anonn is anall chun an t-im do bhailiúghadh in aon chnapóig [amháin] ar bharr an bhainne.
    Annsan chaithidís braon uisce fuar ar an gclúid agus claibín chun iad do nígheadh agus thógaidís an t-im amach le mias déanta de adhmad. Chuiridís an t-im isteach i mias eile agus [d']fháiscidís an bhláthach aisti le haghaidh an mhargaidh. Bhíodh margadh ins na Milíní an uair sin agus thagadh fear ó Bheanntraighe uair sa tseachtmhain chun an t-im do
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
          1. im agus cuigne (~3,280)
    Language
    Irish