School: Tulca (roll number 1396)
- Location:
- Na Tulacha, Co. Chiarraí
- Teacher: Mícheál Ó Dálaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tulca
- XML Page 304
- XML “Pósaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Seo cómhairle a thug áthair dá mhac roimh pósadh:-"A mhic ná bí déanach ar an aonach
Ná bí déanach ag ól
Agus ná h-ól do chuid le máthair do chéile
Chun go n-ólfaidh sibh spré an chailín óig"Fad ó bfhéidir céad blian ó shoin dá mbéadh cailín áluinn, og. I bparóiste agus spré ag a tuismightheóiribh aice sguabtaí go paróiste eile í chun phósaidh. I lán mharbh na h-oidhche thainig an sonúchar agus a chuid fear chun cabharaighthe leis agus beiridís leo an cailín le fóir-éigean. Coinnigheadh an buachaill go ceann tamaill í nuair a thagaidís thar n-ais dá paróiste féin chun bheith pósta agus a cuid spré d'fhagháil. D'airigheas gur dhein fear a bhí in a chómhnuidhe i mBáríarach (Borán) (?) an cleas sin mar do dhein sé cailín de Muinntir Luasaigh a fuadach ó Bhailemhúirne agus tá suas le dachad míle 'dir an dá baile.(mé féin)