Scoil: An Clochar, Neidín
- Suíomh:
- Neidín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Brighid Ní Lochlainn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an tsagairt d'feiscint. Dubhairt an sagart go gcaithfeadh sé dul go dtí an sagart i mBaile Bhúirne agus páipéar d'fhagháil uaidh. Soir leis an mbuachaill bocht go Baile Bhúirne. Shrois sé tig an tsagairt. Bhuail ar an doras. Tháinig an cailín aimsire amach. "Tá an sagart i gCorcaig indiu" ar seisean. "Dia linn" arsan buachaill "Caithfead pósadh amáireach agus tá páipéar uaim." Bhí Eoghain Ruadh istig. Tháinig sé amach agus dubhairt leis an mbuachaill go dtabhairfeadh sé féin páipéar dó. Seo é an rud a sgríobh sé"Is fada dhó thiar i n-iarthar Éireann
'Da ceamalach chiar gan ciall gan éifeacht
Gairim chughat siar, is beidh Dia go réidh leat
Ach ceangal an Diabhal le h-iarlais éigin."Chuaidh an buachaill siar go Cíll Garbháin agus thug an páipéar do'n sagart. Nuair a chonnaic an sagart an páipéar, phós sé láithreach iad. Chomhnuigh mo dhuine i m Bonán ar feadh bliadhanta 'na dhiaidh sin.
Fuaireas an dá sgéal seo ó Seá Ó Tuama, Gortleathárd, Cíllgarbháin, Co. Ciarraidhe, Aos: 61 bliadhna- Bailitheoir
- Maighréad Ní Thuama
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Tuama
- Inscne
- Fireann