Scoil: Kenmare (B.) (uimhir rolla 2849)
- Suíomh:
- Neidín, Co. Chiarraí
- Múinteoirí: Eoghan Ó Súilleabháin Liam Mac Cuisín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Diarmuid Na Bolgaighe agus An Deoch.Lá amháin do chuaidh Diarmuid na bolgaighe ó dheas go láithreach. Chuaidh sé isteach idtig tábhairne agus do lorg deoch. Ní raibh mórán dighe istig ag an mnaoi agus níor mhaith léi é do thabhairt do Dhiarmuid - fear go raibh cuma an bhochtáin air - mar bhí súil aige [!] le daoine uaisle abheith ag dul thar an áit. Mar sin féin do lean Diarmuid a tathant uirthi an deoch a thabhairt do agus do chan sé an fonn so dí:-
"A righ-bhean tais [?], bhain tart de chéadtaibh sluagh
"Dimthigheadh do dhream id 'naice? a sgaipeadh saor gan gruaim,
"Tá loingeas is baire á' teacht do shaorfadh uaith.
"D'imthig do chasc, níl sgeach imbéal an chuain."
Ní túisce a dubhairt sé an rann so ná thug bean an tighe tábhairne an deoch do, agus chómh luath is a tháinig sé amach thar doras cad a chífeadh sé ach long seoil lan de dhaoinibh uaisle ag teacht aníos trí Chuan Chill Mhacallóg Bhí sé buidheach ná feaca an bhean iad nó bheadh sé gan deoch an lá san.- Faisnéiseoir
- M. O hEaluighthe
- Inscne
- Fireann