Scoil: Leithead

Suíomh:
An Leithead, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Diarmuid Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0464, Leathanach 021

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0464, Leathanach 021

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leithead
  2. XML Leathanach 021
  3. XML “Scéal Tobairín a Chnoic”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fadó sar a raibh fhios ag aoinne cé raibh an tobar beanuighthe seo, bhí bean i mBaile Caisleán Béara agus bhí súile tein (?) aice agus bhí teireamh aice oidhche go raibh tobar éigin an Chnoc amháin san dúthig seo agus go mbeadh fhios aice cá mbeadh sé mar go mbeadh capall bán le h-ais an tobar agus go mbeadh cré bhuidhe ann leis. An maidin na dhíágh sin chúaid an bhean amach ag cúardach an chré bhuidhe is an capall bán.
    Taréis tamaill fúair sí an tobar agus bhí an capall bán is an cré bhuidhe ann. Do thosnuig sí ag paidireóracht agus do nígh sí a súile leis an t-uisge agus chúaidh sí abhaile agus ní raibh a súillí tinn ó shoin i leith. Chúaidh an sgéul amach annsan idtaobh an tobair agus bhíodh na daoíne ag teacht go dtí an áít núair a bhíodh aon droch breódhteacht ortha.
    Bean Uí Shéághdha
    (beanacht Día le na h-anam)
    Dinis an sgeul seo dom sar a bfúair sí bás
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. cleachtas an leighis
        1. leigheas dúchasach (~11,815)
    2. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    3. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máighréad Ní Chathasaidhe
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Bean Uí Shéaghdha
    Inscne
    Baineann