Scoil: Leithead
- Suíomh:
- An Leithead, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Diarmuid Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leithead
- XML Leathanach 059
- XML “Scéal Mo Sheanmháthar agus M'Athar ag Dul go dtí Aonach”
- XML “Scéal i dtaobh na Seanreilige”
- XML “Scéal i dtaobh na Seanreilige”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Taobh shíar do thig Phártáláin Uí Shúileabáin a thuit an rud sin amach, agus níl aon bhréag ann.
- Tá seana reilg sa pháirc inaice ár dtalamh agus tá mórán clocha in na seasamh istig ann. Tá cloch ann, agus tá sé inós croise, agus tá cros agus an uibhir seacht gcéad agus seasca a sé scríbhte air. Bhí claidhe a tímpeall na reilge ach tá sé briste anois. Do chonnaic mo shean-mháthair páistí curtha ann, agus deirtear go mbíodh daoine fásta curtha ann leis. Bhí fear aosda na chomhnuidhe in-aice na h-áite san, agus dhóígh sé an reilg. Do thóg sé clocha as an gclaidhe leis agus as an reilg. Deirtear núair a bhí sé ag fághail báis go mbíodh sé ag béichidh, agus úaireannta go mbíodh sé ag cainnt. Cloistí daoine ag cainnt leis. Ní bhíodh aoinne san seomra san am san, agus deirtear gurbh iad na púcaí abhíodh ag cainnt leis.
Mo shean-mháthair d'innis an sgéal seo dom- Bailitheoir
- Maighréad Ní Ealuighthe
- Inscne
- Baineann
- [-]