Scoil: Leithead
- Suíomh:
- An Leithead, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Diarmuid Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí Séamus Ó Súilleabháin aon oidhche ag dul go dtí Baile Chaisleán Bhéarra. Bhí capall agus cár aige agus bhí ráil sa cáir aige. Núair bhí sé os [?] tig Sheáin Uí Sheaghdha chonnac sé duilleóga san díg agus bhíodar ag rith leis an [?]gaoith Annsan chonac sé an bean agus clúdach bán uirthe.
Thánaig sí isteach go dtí an cárr agus chuir sí a dá lámha anúas ar an ráil. Bhúail Séamus í na lámha agus léim sí as a chairt. Thánaig úaganas mór air agus thánaig sí isteach sa chárr arís. Le na línn sinn stad an chapall agus níor eirig léi an chár do tharrac. Do bhúail Séamus í sa lámhaibh arís agus léim sí as an chár agus thosnuig an chapall ag siúbhal.
Taréis tamaill do sgiub an hata as a cheann, agus is annsan a thosnuig an túganas go léir air. Núair thánaig sé go dtí tig Crucúr Ó Ghearalt do thosnuig an coileach ag glaodhach agus dimig an t-úganais go léir úaid agus ní raibh an bean le feisgint as san amach.- Bailitheoir
- Máighréad Ní Caithasaidhe
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Súilleabhán
- Inscne
- Fireann