Scoil: Leithead

Suíomh:
An Leithead, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Diarmuid Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0464, Leathanach 031

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0464, Leathanach 031

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leithead
  2. XML Leathanach 031
  3. XML “Scéal i dtaobh Dan Sheehan sara bhFuair sé Bás”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Aon oidhche bhí Dan Sheehan ana bhreóite ar fad agus bhí Cáit Ní Shúillibháin san tig. Ceap a mháthair go raibh an bás ag teacht air agus níor chúaidh síad a codhla an oidhche sin in aon cuir. Bhí na mná go léim istig san séomra inaonact leis núair a chúladar trucail ag teacht an bóthar. Stop an cár inaice an gheata agus thánaig beirt fhear isteach . Stad ceann aca ilár an úrláir agus chúaidh an duine eile go dtí an teine cun a phíopa do lasa. Núair abhíodar ag dul amach díafruig duine aca ó cháit an raibh an fear san tig breóite agus dúbhairt sí go raibh. Núair a cúla sé é sin dubhairt sé go raibh oidhche breágh aige dul ar neamh. Ansan chúaidh an beirt fhear amac agus bhí na daoine istig ag éisteacht, féacaint an cloiseadh síad an trucail ag imeacht act níor chúladar. Ansan cúaidh beirt amac féacaint an raibh sé ann act ní aon rud ann. Tar éis mí bhí Dan Sheehan go maith agus go láidir arís act fúair a mháthair bás tamall beag na dhíadh sin. Deirtear go raibh an beirt fhear sin cáirdiul do mháthair Dhómhnall agus thánaig síadh cun í do thógaint.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Ní hUrdail
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Cáit Ní Suillibháin
    Inscne
    Baineann