Scoil: Leithead
- Suíomh:
- An Leithead, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Diarmuid Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bean ann fadó agus bhí inghean breóidhte aici. Ó lá go lá bhíod an mháthair ag tabhairt aire don cailín, act is amhlaidh a bhí (?) sí ag dul in olcas gach lá. Bhí an máthair ana bhocht agus ní raibh aon airgead aici cun an doctúir do thabhairt cun a h-inghean. Núair a bhí an mháthair óg do cúaladh sí go minic go raibh lios agus púcaí na cómhnuidhe inaice a tighe ann. Do dhein sí súas a aigne go raghadh sí go dtí an lios anoacht ag d'iarraidh leigheas (?) eigin.Do cúaidh sí go dtí an lios san oidhche, agus an ceud rud a chonnaic sí ná soillse móra ar lasadh. Cúaid sí isteach agus tháinig iongnadh mór uirthe mar connaich sí a h-inghean na shuidhe ar cathaoir agus scata mór púcaí ag caitheamh í isteac i dtubhan uisge na (?) fairrige. Bhí an cailín ag casactaig agus ag caitheamh súas. Do connaich an mháthair go raibh dath dearg ag teacht in agaidh an cailín airís. Cuir sí beannacht ar na bpúcaí agus an neómat a bhí an beannú amach ón a bhéil do bhraith sí dhá mhala troma ar a dhrom agus dubhairt glór leí dul abhaile. Do(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máirín Ní Ghealbháin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Séan Ó Sheagdha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 68