Scoil: Seana-Caiseal (uimhir rolla 16745)

Suíomh:
Seanchaiseal, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire, Bean Uí Fhoghludha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0470, Leathanach 162

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0470, Leathanach 162

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Seana-Caiseal
  2. XML Leathanach 162
  3. XML “Scéal Fiannaíochta - Maoinsín Rí Éireann”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    "Cad a dheanfaimíd leis an gaiscidheach" arsa oifigeach an airm. Dubhairt an rí "Tugaig cead uilc agus maitheasa ó thacaidh sé go dtí go n-ímtheóchaidh sé. Annsan dhein an gaiscidheach fé dhein an airm agus dhein sé isteach ar an rí agus bhuail sé bhuile a dhorn air agus thuit an rí i laige agus thóg an gaiscidheach leis coróinn an rioghachta éan sgeulaidheachta agus a dhá fhiacal. Dhímthig sé air agus nuair a tháinig an rí cuige fein "Is greannmhar é mo thoisc" adubhairt sé bheith ag coinnéal suas airm agus gur leigeadar mo mhasla le Smutáil mór rí Oscaire ó an domhan thoir.
    "Dubhairís linn" arsa an oifigeach cead uilc agus mhaitheasa a thabhairt dó ó thacaidh sé go n-imteóchaidh sé. Is fíor díbh adubhairt an rí agus níl aon mhíleán agam oraibh. Cuirim do gheasaibh droma draoidheachta orm arsa Ártach Rí Eireann gan trí oidhche codhladh in aon tig ná trí beile bídh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Innéacs seanscéalta
    AT0301: The Three Stolen Princesses
    Teanga
    Gaeilge