Scoil: Gleann na gCoileach (uimhir rolla 1583)
- Suíomh:
- Gleann na gCoileach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Ríoghbhardáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann na gCoileach
- XML Leathanach 054
- XML “Fear a Bhíodh Déanach”
- XML “Freagra an Fhir Bhoicht don Mhinistir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar seisean," "ar ais-éirighe agus táim déanach arís."
- Bhí fear bocht ann fadó agus bhí trí ba aige. Ní raibh mórán talmhan aige agus do bhíodh na ba ag dul annso agus annsúd ar lorg féir. Bhí an Ministir na chómhnuidhe inaiche leis an bhfear mbocht agus théígheadh na ba isteach i bpáirc an Ministir. Uair amháin tháínig an Ministir chuige agus dúbhairt sé leis cosg do chur leis an saghas sin oibre. Ach dúbhairt sé leis go raibh cead aige iad d'fhághaint ann ar aon coinghoill amháin - a chreideamh do thréigh agus teacht cuige gach Dohnach agus gan dul go dthí a Aifreann féin. Do leag an fear bocht air go ndéanfaidh sé fé mar d'órduig an Mhinistir. Bhí sin go maith agus ní raibh go h-olc go dthí gur tháínig an Domhnach. D'éirigh an fear bocht go moch ar maidin agus súid leis fé dhéin an t-Aifrinn doimhin - ar theacht abhaile dó bhí sé sásta i n-agheadh féín ach um thráthnóna siúd leis fé dhéin séipéal an Mhinistir. D'fhan sé(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- J. Sullivan