Scoil: Gleann na gCoileach (uimhir rolla 1583)
- Suíomh:
- Gleann na gCoileach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Ríoghbhardáin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0472, Leathanach 091](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0472%2FCBES_0472_091.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0472, Leathanach 091
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bean in a comhnuidhe i nGleann Chárthaigh fadó agus is é an leas-ainim a bhí uirthi ná Peitticoat Loose. Bean nimhneach, searbh, canncarach, droch-bhéasach ab eadh í. Bhí fear an-ghnóthach, siubhalcéach dar b'ainm dó Seán Breathnach na chómhnuidhe le na h-ais. Bhí driotháir eile ag Seán agus do bhí sé in a chómhnuidhe cóngharach dó'n mnaoi seo.
Ní rabhadar an-muintreadha le na céile ach pé rud a thuit do mhairbh Petticoat Loose é. Ní raibh Seán ró-bhuidheach dí mar gheall ar an droch-obair a dhein sí. Nuair casadh Seán ar Petticoat Loose sé seo mar a labhair sé -
Dá mbéinn-se féin thuaidh
Agus biche agam nó tuag
Cuirfinn-se rith ar an mbhean ruaidh
Is chasadh mo dhriotháir a dthuaid- Bailitheoir
- Nora Joy
- Inscne
- Baineann