Scoil: Gleann na gCoileach (uimhir rolla 1583)

Suíomh:
Gleann na gCoileach, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Ríoghbhardáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0472, Leathanach 014

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0472, Leathanach 014

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann na gCoileach
  2. XML Leathanach 014
  3. XML “Eoghan Rua agus an Sagart”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí Eoghan Ruadh ag siúbhal timcheall na dúithchíghe ar lorg oibre pé áit gur bhféidir leis í d'fhághail. Uaireannta bhí sí le fághail gan a thuille mhoille, ach uaireannta bhí sí chómh gann le sneachta ar bharr Chnuic Bhreánndáin ar lá Fheile Sheáin. Lá dá raibh sé traochta tuirseach ó bheith ag iarraidh oibre annso agus annsúd, agus drom láimhe tabhartha dó leis gach aon ball. Do shocruig sé 'na aigne go ragaidh sé irocht (?) bachaig ar lorg déirce chun chuirp agus anma do choiméad le chéile. Le bailcisí strachaighte agus crot bháis 'na cheannacaib (?) d'aimsig sé go tig an t-sagairt. Siúd leis, go doras tíghe an t-sagairt agus dócas mór air síuntús fé leith d'fhághail, ach cé bheadh ann (?) roimis ach an sagart féin. D'aithnig sé Eoghan agus ní ro-mhaith an tuairim a bhí aige air toisg an droch-ainim (?), agus an droch thuiarim a bhí ag na daoine ar Eoghan bocht agus is dócha gur chuala an sagart na ráflaí - bféídhir go raibh cuid díobh fíor agus bféidir ná raibh. "Seadh" ars an sagart "cad tá uait anois" - "ar lorg déirce mar eadh," ag leagaint ort go bhfuil an saoghal ag dul id thoinnib, agus cad na thaobh na beadh. De réir mar a chloisim, bhí ag cur díót
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Sighle Aherne
    Inscne
    Baineann