Scoil: Gleann Beithe
- Suíomh:
- Gleann Beithe, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Fhoghludha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Piseóga an Cheanntair seo.Ba mhór an uimhir de piseógaibh a bhí ag ár sinnsir san allód. Cuid diobh iseadh iad so leanas.
Ná téir abhaile ó tórramh gan dhuine i n-aoinfeacht leat.
Nuair a chífidh tú madra dubh san oidhche cloisfidh tú sgeul mar gheall ar sochraid a bheidh ins an bparróiste sar i bhfad.
Ná beir greim ar láimh dhuine sa socraid.
Nuair a bhíonn dhuine marbh sa tig is ceart na rudaí a bhí sa leabha do chur tré na chéile sar a thosnuigheann an socraid.
Oidhche Shamhna ar a do deugh a clog má feucann tú sa sgathán cífidh tú aghaidh duine eile istigh ann.
Bhí triúr fear ann fadó 'san áit seo agus Oidhche Nodlag na mBan d'fan siad sa cistin feucaint go bhfeicidís an t-uisge soinseálta i bfíon agus ní fheaca aoinne ó shoin iad.
Is ceart uisge na gcos do caitheamh amach nó beidh na daoine maithe i n-aoinfeacht leat i rith na h-oidhche.
Nuair a bhíonn daoine ag déanamh cuigione Lá Bealtaine chuireann siad píosa teine fé.
Nuair a gheibheann an chéad duine de muirghín bás ní ceart do'n mháthair dul go dtí an reilig nó sa t-socraid. in aoncor.
Ná tóg isteach méaracán púca sa tig nó thiocfaidh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Shuilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 15
- Seoladh
- An Chora, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Gráda
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill na mBreac Íochtarach, Co. Chiarraí