Scoil: Gleann Beithe
- Suíomh:
- Gleann Beithe, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Fhoghludha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Beithe
- XML Leathanach 319
- XML “Seancheirdeanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Fuaradar tlúinín lín agus seiceal. Tógadar anuas ó'n lochta é. Tarraingheadar triotha é agus bhí sé an-mhín ansan.
Déanadar é sníomh le túirnín lín agus dheineadar snáth de.
Cuireadar do'n figheadóir é agus dhen sé éadach de.
Dathuigheadar le duileasc na gcloch-sin saghas rud a fhásann ar na carraigeachaibh.
Dath áluinn buidhe a thagann ó duileasc na gcloch.
Deireadh na sean daoine nuair a bhiodh an dath san ort na thaghadh na sidheóga ad'choinne.
Dathuigheadar leis an gcrann fhearna agus leis an gcrann cárthain é.
Beirbuigheadar na rudaí san agus chuireadar na h- éadaighe isteach ionnta.
Cuireadar luas i rothannaibh le píosaíbh ó chrann na fuinnseóige.
Nuair a bhiodh an fonnsaire ag obair, biodh maide giúise aige cun suidheáchán do dhéunamh, agus do dheineadh sé dabhacha donna leis an gcrann iubhair. Déanadar scatháin le fraoch corcra ó'n gcnoch. Gearradar craobhacha fraoic timcheall a dhá throig ar aoirde agus d'fágadar préumhacha fada ortha mar gaid.
Dainghineadar le córdaíbh iad. Chuadar chun an mbaile agus na scatháin ar a dhromaibh aca.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Ríoghbhardáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill na mBreac Íochtarach, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Seán O Riordáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 75
- Seoladh
- An Curraichín, Co. Chiarraí