Scoil: Gleann Beithe
- Suíomh:
- Gleann Beithe, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Fhoghludha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Beithe
- XML Leathanach 321
- XML “Seancheirdeanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean - CheardannaAinm an aithriseora: Bean de Burcac.
A seoladh: Baile na Cille, Gleann-Beithe.
A aois: 53 bl.Bhíodh a lán ceárd annso fadó. Do dheinidís coinnle de géir na mbó i múnlaibh. Do leaghaidís an géir i gcorcán. Gheibhidís múnla annsan agus cuiridís snáithín isteach i lár an mhúnla. Cuiridís cipín treasna i mbéul a mhúnla agus chuiridis ar fód móna buighe é agus chaithidís an géir isteach sa mhúnla. D'fhágaidís annsan í ar feadh dá uair deúg a chluig. Tharraingidís amach as an bhfód annsan é. Bhogaidís leis an dtéine an múnla agus tharraingidís amach as an mhúnla an choinneal agus bhíodh an coinneal déanta annsan.
NÍ fheadar conus a dheinidÍs gallúnach.
Do dheinidís ciseáin as slataí. Do chuiridís sé cinn déug i ndóanna na seasamh i bhfuirm fáinne ar fód mór ar an dtalamh agus do dheinidís a lán eile diobh do thochairt tré na chéile.
Do dheineadh na gaibhne ramhainí as iarainn n-a gceárdcain.
Do dheinidís geataí as iarann agus as adhmad.
Ní h-eól dom conus a dheinidís céactaí nó drollanna.
Do dheinidís crochanna as buinn cairte agus do chuiridís puill ionnta agus' do chrochaidís iad as spíce ó'n seimné.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighidh de Bhúrcach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile na Cille Íochtarach, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Bean de Burcac
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 53
- Seoladh
- Baile na Cille Íochtarach, Co. Chiarraí