Scoil: Gleann Beithe
- Suíomh:
- Gleann Beithe, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Fhoghludha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Beithe
- XML Leathanach 339
- XML “Na Prátaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Na PrátaíAinm an aithriseóra: Máire bean Uí Riordáin.
A Seoladh: Cill na mBreac, Gleann Beithe.
A Aois: 50 bl.Bé an práta an biadh ba thábhachtaighe a bhiodh ag na h-Éireannaig san tsean aimsir. I mbliain 1845 tháinig an meath ar na prátaíbh agus do lobh siad go léir 'san dtalamh agus bhí ocras ar na daoinibh. Biodh prátaí ag na sean daoinibh trí uair sa ló, ag an mbreicfeast, ag an ndinnéar, agus ag an suipéir.
Nuair a bhíodh na prátaí úsaidhthe acu, 'san Samhradh ithidís arán buidhe gan aon plúr tríd an mhin agus ólaidís bainne géar.
Do théigheadh spailpíní ó Gleann Beithe go margadh na saoire insan Earrach cun go h-írealach feirmeóirí iad cun na bprátaí do cur.
Biodh páircheanna móra prátaí le cur acu, agus d'oibróidís, na spailpíní go dian agus tuillidís an t-airgead gan dabht.
Do theigheadh spailpíní ó'n áit seo go Tráighlí, Oileán Ciarraidhe, thios go Luimneach, agus go bailtibh eile.
Insan bhFóghmhair do théigheadh na mná ghá bpriocadh go bailtibh eile agus tuillidís a sé nó a seacht(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Ríoghbhardáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill na mBreac Íochtarach, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Riordáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Cill na mBreac Íochtarach, Co. Chiarraí