Scoil: Gleann Beithe
- Suíomh:
- Gleann Beithe, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Fhoghludha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Lucht Siubhal na Tuaithe.Ainm an aithriseóra: Máire bean Uí Riordáin.
A Seoladh: Cill na mBreac, Gleann Beithe.
A Aois: 50 bl.Siad lucht siubhail na tuaithe ná daoine bochta a théigheann ó áit go h-áit ag lorg déirce agus ag bailiú airgid, agus ná bíonn aon tighthe cun comhnuidhthe aca.
Bíonn a lán siubhail insan gconndaé seo, a thagann ó gconndaedthe eile.
Téigheann a triur nó a ceathrar de clann timcheall na tíre agus cuireann siad fútha in áit éigin annso agus annsúd.
Cuireann siad suas cabháin ar thaoibh an bhóthair in-áit foithineach. Cócairigheann siad a gcuid bidh agus nigheann siad a n-éadaigh agus rl.
Bíonn teine móra acu i n-aice na gcabán. Bíonn na fir i n-aice na dteinte ag deunamh gallún agu sáspan. Díolann siad iad. Bíonn rudaí le díol ag na mnáibh leis i gciseánaibh .1. pictiúirí, lása iallaití, snasán agus rudaí eile.
Bíonn siad go h-an mhaith cun mhaireachtaint. Tiomáineann na fir ins na truachaillibh iad ó(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Ríoghbhardáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill na mBreac Íochtarach, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Riordáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Cill na mBreac Íochtarach, Co. Chiarraí