Scoil: Gleann Beithe
- Suíomh:
- Gleann Beithe, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Fhoghludha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bíonn siad ann as gach áird idir chian agus cómhgar, agus is iad a bhíonn go buartha agus go bladhmanach, go droch mhúinte agus go droch bhéasach.
Iad féin agus a mná agus a gclann ag áiteamh ar a chéile gur dóich leat go maireóobhaidís a céile, agus 'na thaobh san ná marbhuighidís. Bíonn siad ag ceannach is ag díol asail i bPáirc an Aonaig. Caitheann siad adhbhar éigin airgid d'fagháilt nuair a bhíonn siad ag bobhtáil.
Bíonn na Síoradánaigh ann ó Ceann Tuirc i gCorcaigh ag díol capall agus ag troid na dtaobh. Bíonn cuid des na tíncéirí ag siubhal. Seo cuid dos na lucht siubhal a theigheadh ag bailiú fadó - Muinntir Ó Cobhthaigh, Muinntir Ó Réagáin agus Seáinín Teinaoileach. Ó Súilleabháin a ainm ceart. Teinaoileach a bhí mar leas-ainm air. Bhí sé 'na comhnuidhe i gCurraicín. Bailigheadh sé prátaí, uibhe agus ím. Cuireadh sé na prátaí. Bhí páirc nó dhó aige agus tig.
Gaedhilg a labhradh sé i gcomhnuidhe. Tagadh na Brianaig ó Luimnech.
Tagadh Muinntir Ó Cobhthaig ó'n dTuaith i n-aice le Lios a' Phúca. Tá clann de'n muinntir so na comhnaidhe ann fós.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Ríoghbhardáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill na mBreac Íochtarach, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Riordáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Cill na mBreac Íochtarach, Co. Chiarraí