Scoil: Gleann Beithe
- Suíomh:
- Gleann Beithe, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Fhoghludha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Beithe
- XML Leathanach 418
- XML “Tigín Pádraig”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tigín Pádraig.Tá fotharach tigín Pádraig.thios in Oileán Rossa.
Do cómhnuigheadh Pádraig Ó Conchúbhair, a bhean céile, a beirt mhach agus inghean amháin ann.
Feirmeóir láidir do beadh Pádraig uair ach d'eirigh rud éigin idir é féin agus a bhean, agus do gort sé an bainne ar fad a bhí i dtig an bhainne agus bhíodar bocht as san amach.
Ansan dob' éigean d'on beirt mhac dul go h-America a thuilleamh dóibh féinig.
Bhí an cailín ag teacht ó'n siopa lá amháin. Bhí sí ag gabháil thar an tighe. D'feuch sí taobh thiar di. Connaich sí an taoide ar a shálaibh. Tháinig tonn mór agus do scuab sé an tig, an cailín. an fear agus a bean céile sa tsiubhal.
Fad aimsire na dhiaidh do bádhadh long agus bhí triúr mairnéalach báidhte.
Tháinig a gcoirp isteach go h-Oileán Rossa. Mairneálach do beadh duine dá mach.
Bhí sé 'na beathaig ag teacht isteach agus chailleadh é nuair d'innis sé dos na daoine cé'r bhé é féin.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Ríoghbhardáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill na mBreac Íochtarach, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Riordáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 75
- Seoladh
- An Curraichín, Co. Chiarraí