Scoil: Caisleach (uimhir rolla 16018)

Suíomh:
An Chaisleach, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Pádruig Breathnach
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 280

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 280

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caisleach
  2. XML Leathanach 280
  3. XML “Scéal - Dómhnall Ó Corcoráin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus bhí a bean le’n a chois. Do rith luch amach as an stáca agus luch eile na diaidh. Bhí fearg ar an t-arna luch. “Loisgearán áir ort,” ar sise leis an luch a bhí roímpa amach, “cad a thug annso thú. Nách fuil sé chóm ceart agam bheith ann leatsa” ars an cead luch, “go bhfuil mé féin agus mo naoíneabhar clainne ann leis an méid sin aimsire.” Chuir Dómhnaill Ó Corcoráin sgairte gáire as mar thuig sé an luch a bhí ag cainnt. “Cad tá id’ cuir agus gáirí” ars an bean leis. “Arú, rud éigint ag rith im aigne” ar seisean. “Ní h-eadh a Mhuise” ar sise “acht rud éigin eile.
    “Ní dheanfhadsa a thuille gnótha sa tig seo” ar sise “go neosfair dómhsa cad a chuir a gairí thú.” As san amach ní annsan ní crúdach sí bó ní ullmhóchadh sí biad do na aon nídh eile agus d’fiafhruigheadh sí anois is arís i gcomhnaidhe dhe cad a chur a gairí é agus ní neosfhadh sé di. I gcionn caoigceas dúbhairt sí leis mar seo, “Táim se ag dul abhaile go dtí m’athair indiu mara ninsir dom cad a chuir a gáirí thu amuigh san iothlaín. “Ní neosfad” ar seisean. Seadh d’imthig sí uirthi agus bhí aistear trí lae uirthi sular sros sí tig a h-athar. D’imthig an aimsear agus bhí Dómhnaill Ó Corcoráin ag fuirseadh leis an saoghal ag iarraid go h-aon nídh a deanamh. Gan aon bhean tíghe a déanad císte do ‘ná a nighead balcais-eadaigh do.
    Dubhairt sé leis féin sa deire go ragadh sé fé na déin. Thóg sé leis capall ialuighthe. An turas a thog trí lá de’n bhean do dhein an capall i dhá lá é. Seadh stad sé i dtig a bhí leath slíghe idir a thig féin agus tig athair a cheile. Fuair sé stábla do’n capall agus ar an raca cuireadh na chodlad é féin. Bhí na cearca síos in íochtar a tíghe sa chúib. Bhíod na cearca istig ag gach aoinne an uair sin. Seadh i gcionn tamaill de’n oidhche tosnuig na cearca de bheith ag córac agus b’éigean do’n coileach prioch thall i prioch i bhfus a bheith aige ortha chun iad stop. “Ó” ars an coileach “smachtógadh-sa sibh sé nídh a dearfaid Dómhnall Ó Chorcoráin le’n a mhnaoí “Níl ach aon bhean amháin aige “ ar seisean agus n’seadfad sé smacht a chuir uirthi. “Feach mise is deich cínn is ficead de mhnáibh agam agus nach maith a chuirim smacht ortha. Tá sé ag imteacht fé na déin anois agus ní thiocfaid sí leis acht tá coill
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0517: The Boy who Learned Many Things
    AT0670: The Animal Languages
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máirín Phádraig Uí Dhála
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An tOileán Buí, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Muiris Ó Connaill
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Chillín Liath, Co. Chiarraí