Scoil: Caisleach (uimhir rolla 16018)
- Suíomh:
- An Chaisleach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pádruig Breathnach
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caisleach
- XML Leathanach 307
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)gcuirfidh tú mo dearbhreácha agus mairfidh tú liom-sa feasta.
Táinig an fígheadóir anuas agus cuireadar na fathaig eile agus cuaidh an fathach agus an fígheadóir in éinfeacht leis. Ní raibh na comhnuidhe sa tigh ac seana bhean agus do caith an fígheadóidr dhá bliadhain ann. Lá amháin agus iad ag ithe dubhairt an fathach leis an bfígeadóidr “Ní fheadar cioca againn is mó a íosfaig.” Bhí an beirt aca ag ithe ar a ndícheall agus d’ith an fígheadóir dhá oiread leis an bhfathach, “cuirfheadh amach an biadh có maith agus a itheis é,” agus le sin sháig sé sgían isteach ina bholg agus thuit an biadh amach ar an méis có maith agus a ith sé é.
Bhí iongnadh ar an bhfathach nuair a chonnaic sé an nídhe sin agu sáig sé an sgían isteach ‘na bolg agus thuit sé marbh ar an úrlár. D’eirig an seana-bhean agus dhóbair go n-íosfhadh sí an fhígheadóir. “Cuir síos cana uisge” arsan fígeadóir “agus fair go maith é nuair a bheidh sé ag fleucaig, agus beidh an fathach có maith is a a bhí sé riamh.” Bhí an bhean bhocht ag faire ar a dícheall agus nuair a connaic sí an corcán ag fleuchaig sgread sí ar an bfígeadóir acht níor dhéin sé acht a dhá láimh a tabhairt di agus í caitheamh síos an corcán.
Nuair a bhí an seana bhean caillte san(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Sheaghdha
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Cearna
- Inscne
- Fireann