Scoil: Caisleach (uimhir rolla 16018)
- Suíomh:
- An Chaisleach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pádruig Breathnach
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caisleach
- XML Leathanach 319
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- SgéalBhí greasaidhe ‘na chómhnuidhe i nDroichead na Banndan úair agus bhí an mheas aige air féin. Do chuir sé gairmscoile amach a rádh go dtabharfhadh sé péire bróg don té a bfeárr a cúmfhadh amhrán do á mholadh. Núair a bhíod an t-amhrán déanta ag na daoine thagaidís chuige agus do léighidís amach do íad agus comeádthad sé íad feuchaint a dtagfhad aoinne eile le ceann níos ferr. Fé dheire, tráthnóna Dé Satharn tháinig stollaire d’alfraits agus dubhairt sé leis an ngreasaidhe “bhfuil peire bróg agat a dtabhairt úait don té is feárr a cumfhaid amhrán duit id mholadh.” “Tá” arsa’n greasaidhe. Táimse chun mé féin a thríall anois leis” arsa’n fear eile. “Maith go leór” ars’an greasaidhe “tabhair leat an t-amhrán núair a bheidh sé deanta agat. Deanfhad annso é as láthair mo bhonn. Raid leat mar sin Is tú an foltharach fannda gan féasóg,
De shliocht meanuighthí reamhradh ‘gus brean bróg;
Is follus don cheanntar gur fada tá breall ort,
Droichead na Banndan is liathróid.“Ó ar O son an tsaoghail, seo dhuit íad” arsa’n greasaidhe. Bhí eagla air go ndéanfhadh sé an ríabhach air dá leanfhadh sé.Síle Ní Shúilliobháin, Drom-na-Cille, do scríobh 5-12-1938.
Ó Seán Ó Chonchúbhair.- Bailitheoir
- Síle Ní Shúilliobháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Drom na Coille, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó concúbhair
- Inscne
- Fireann