Scoil: Cathair Samháin
- Suíomh:
- Cathair Samháin, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire E. Bean Uí Sheaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Treasgurtha a bpéin go déarach, dealbh gan sláinte
M’aindeise dhaor lem saoghal ár sagart deaghcháileach
Carthanamhail seimh, do thraocha a bhfad ó’n a cháirdeV.A cháirde gaoil is faoidheadh do sillid ‘na diaidh
Ó’n Ráth go Snaidhm is timcheall Dairireach siar.
Tá sráid Tráighlí, Neidín ‘s Cathair Áth Claith
Dá dheasgadh ar baois, cois Aoíne ‘s Daingean na gcliar.V1.Cliar ag fearaibh ní bhraithim, ná gáir na n-éan
Ná fiadhach ag marcaig ar eachaibh a gClár Uí Néill
T’án ghrian fé sganmall,‘s ní amharcaim lán a ré.
D’éag ár sagart caoín, cneasda ba bhreághtha sgéimh.V11.Ba bhreágh í scéimh ‘s ba léigheannta d’innseadh sgéal
‘S ba ghalánta í a mhéin, níor éileamh airgead ariamh
Do bhfeárr leis déirc air chaomhnaidhe dhealbh a riar
Bille alainn séimh, do phréimh shliocht Eochaidh ‘s BhriainV111.Brian is Breoghan, Eoghan, is Ó Laoghaire
Tréada ár leoghain ‘s pór-sgoith na Milesians
Mo chiach-mar ar feogh faoin bhfod ár Sagart Naomhtha
An chead mhí d’Fhóghmhair ‘s gan cómhaireamh ar a ghaolta. 1X.Gaolta ár seabhac is fattuirseach dúbhach atáid
Ar dhá thaobh leamhain, ‘s ó sin go Conndae an Chláir
Tá’n chléir a chanadh gur b’asnadh an Prionns ar lár(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Muiris Ua Conaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chillín Liath, Co. Chiarraí