School: Cathair Samháin

Location:
Cathair Samháin, Co. Kerry
Teacher:
Máire E. Bean Uí Sheaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 353

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 353

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cathair Samháin
  2. XML Page 353
  3. XML “Caoineadh an Athar Tadhg Mac Cárthaigh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Treasgurtha a bpéin go déarach, dealbh gan sláinte
    M’aindeise dhaor lem saoghal ár sagart deaghcháileach
    Carthanamhail seimh, do thraocha a bhfad ó’n a cháirde
    V.
    A cháirde gaoil is faoidheadh do sillid ‘na diaidh
    Ó’n Ráth go Snaidhm is timcheall Dairireach siar.
    Tá sráid Tráighlí, Neidín ‘s Cathair Áth Claith
    Dá dheasgadh ar baois, cois Aoíne ‘s Daingean na gcliar.
    V1.
    Cliar ag fearaibh ní bhraithim, ná gáir na n-éan
    Ná fiadhach ag marcaig ar eachaibh a gClár Uí Néill
    T’án ghrian fé sganmall,‘s ní amharcaim lán a ré.
    D’éag ár sagart caoín, cneasda ba bhreághtha sgéimh.
    V11.
    Ba bhreágh í scéimh ‘s ba léigheannta d’innseadh sgéal
    ‘S ba ghalánta í a mhéin, níor éileamh airgead ariamh
    Do bhfeárr leis déirc air chaomhnaidhe dhealbh a riar
    Bille alainn séimh, do phréimh shliocht Eochaidh ‘s Bhriain
    V111.
    Brian is Breoghan, Eoghan, is Ó Laoghaire
    Tréada ár leoghain ‘s pór-sgoith na Milesians
    Mo chiach-mar ar feogh faoin bhfod ár Sagart Naomhtha
    An chead mhí d’Fhóghmhair ‘s gan cómhaireamh ar a ghaolta.
    1X.
    Gaolta ár seabhac is fattuirseach dúbhach atáid
    Ar dhá thaobh leamhain, ‘s ó sin go Conndae an Chláir
    Tá’n chléir a chanadh gur b’asnadh an Prionns ar lár
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Muiris Ua Conaill
    Gender
    Male
    Address
    An Chillín Liath, Co. Kerry