School: Na Cealla (Kells) (roll number 8148)
- Location:
- Na Cealla, Co. Chiarraí
- Teacher: Pádraig Ó Fiannachta
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Na Cealla (Kells)
- XML Page 027
- XML “Scéal Grinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Úair gan am fadó bhí nós ag na seandaoine dul to Tráighlí ag marchaidheacht ar chapaill is feircín ime aca. Sé an fáth is dóca go rabhadar ag dul go Tráighlí mar bhí an t-ím daor ann. Núair bhíodar ag dul ann bíodh cúlóg ar na capaill uaireannta. Is bhíodh síad ag amhánaidheacht dóíbh féin. Úair amháin cuaidh scata mór ó Chíll Mhic Cíaran go Tráighlí. Núair a bhíodar ag dul ann tosnuig duine aca ag cóimhreamh; duine, beirt, triúír is níor cómhruig sé é féin in aon-chor. Ba mhór an t-amhadan é. Do dheineadar marghadh bheith amach as an gcathar ar a trí a chlog san tráthnóna. Do shocruigheadar. Chuadar isteach san gcatair, scaipeadar, cuaidh duine aca isteach i dtigh is díol sé an feircín "tabhair dom leath phúnt té is ceithre puint siuicre, ím is min-choirche." Cuir sí íad isteach i mála "táim ag imtheacht anois" ar seisean "Fan go ngeóbair do change" arsan siopadóir, "Níl aon change úaim. Se acht bóthair na beárna amach abhaile" is amhlaidh a cheap sé go raibh an fear ag cur as an slíghe ceart é Níor thuig sé an fhocal "change" is ó'n am sin go dtí an lá indiú caithtear mar asmhuchaín air muinntir Cíll Mhic Cíaran mar gheall ar an coimreamh bhí ar siúbhal aca is dóca ná rabhadar ar scoil ríamh. "Ní ualach do duine an foghluim"
- Collector
- Máire Ní Churráin
- Gender
- Female
- Address
- Na Ródaibh, Co. Chiarraí
- Informant
- Eibhlín Bean Uí Churráin
- Gender
- Female
- Age
- 44
- Address
- Na Ródaibh, Co. Chiarraí