Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 13542)
- Suíomh:
- Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. M. de Lourdes Stac
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is beag duine i mBarún Uibh Ráthaig nár cualadh sgéal nó eachtra éigin mar gheall ar Póna na Steíge agus a bhun staire am éigin d'á shaoghal. I bparróisde Chathair Dómhnaill theas atá an póna seo. Fotrach ársa é go bhfuil deánamh cruinn air. Ó'n dreach atá air indhiu meastar gur Dún mór a bhí ann in alloíd, achuir i gcoinnibh ionnsuighte agus foghanna go dána. Tá na fallaí 'n-a seasamh go rábach fós agus tá ionad doírse annso 's annsúd ionnta.Ós cionn doruis amháin díobh tá dhá cheann des na clocha is mó agus is iongantaighe dá bhfuil le fághail in aon tír. Tá sgéal is fiche ag na sean daoine mar gheall ar bhunú an t-sean phóna seo, ach níl aon bheirt seanchaidhthe ar aon fhocal mar gheall ar fhírinne aon sgéil díobh. 'Sé an tuairm is laídre ach go h-áirigthe gurb iad fear agus a bhean, beirt de chlann na bFear mBolg a thóg é, agus é sin in oidhce amháin. Tá sé ráidhte leis gur thug an bhean na clocha chun a dhéanta ós na Camánaibhs 'n-a h-aprún agus go raibh an fear a thógaint.Níl annsan ach sgéal, ach pé duine dhein é tá céim-creidúina tuillte aige mar is ró-bhreagh mar phíosa oibre é. De mhion sligiríní cloch atá sé déanta agus cé nách bhfuil pioc ná ruain de mortéil eattortha n'féadfá ceann acu a bhogadh dá bfaghthá Éire air. Gabhann an sean-bóthar thar abhrágaid a thagann aniar ó Chúm a Chiste agus a théigheann i bhfad soir thar na cnocaibh go Parroísde na Snadhma.Tá aít eile i bparróisde Chathair Dómhnaill leis in aít ar a dtugtar Sionnach-Cnoc - Cathair Chonaraidhe agus Teampall na Peanaidhe. Sean-leacht de chlocha liath-gheala atá i(leanann ar an chéad leathanach eile)