Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 13542)

Suíomh:
Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
Múinteoir:
An tSr. M. de Lourdes Stac
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 212

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 212

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Leathanach 212
  3. XML “bhFuil Fhios agat”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Nách cheart dul isteach i dtig nuadh 'gan fód móna nó rud éigin do thabhairt isteach ann

    Nách cheart do dhuine aon nídh d'iomchar ar a guailnibh ag cur táirsigh an dorais isteach de, nó má bheireann ní bheidh breis fás fé

    Nách cheart seasamh idir éadach bán a bheadh 'á thiormú, agus an teine

    Nách cheart sméaroíd teine do leigint amach le linn na coiginne bheith' á dhéanamh

    Nách ceart do dhuine a cheann do bhearradh Dé luain
    "Bearradh an luan, cur san uaig"

    Nách cheart bheith i dtosach ná i ndeire socraide

    Nách cheart uisge na gcos do chaitheamh amach ist' oidhche

    Nách cheart dul amach fé éadach bhán san oidhche
    Nach cheart solus do chur in éág Oidhche Nodhlag
    Nách cheart bheith ag feadhghail san oidhche

    Nách mbeadh aon rath ar dhuine ar feadh an lae, dá mba bean an chéad duine a bhuailfeadh leis ar an mbóthar maidin lae aonaigh

    Go mbíonn droch-rath ar dhuine ar feadh seacht mbliadhna má bhriseann sé cupán nó aon driotháir dó

    Gur cheart uisge glan do bheith istigh i gcóir na h-oidhche

    Go ndeineadh gach bean tíghe coigeann Lá Bealtaine, nó muna mbeadh adhbhar an coiginn aici, deineadh sí ím i mbuideal, agus coimeádadh sí trí píosaí de'n ím sin ar feadh na bliadhna, agus caitheadh sí ruaine beag di isteach i ngach tubán ime a bheadh aici i gcaitheamh na bliadhna

    Go mbíodh leisge ar na daoine an teine d'adú maidin Lae
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
    Teanga
    Gaeilge