Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 13542)
- Suíomh:
- Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. M. de Lourdes Stac
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín
- XML Leathanach 276
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Chuaidh bean chun faoistine go dtí an Séipéal Nuadh i n-aice leis an gCoirreán tráthnóna Dé Sathairn.”
Chuaidh sí isteach san mBosga Faoistine a slighe is nach mbéadh aon mhoill uirthi nuair a thiocfadh an sagart. Níor thainig an sagart in aon chur an tráthnóna san agus thuit a codhladh ar an mnaoi.
Nuair dhúisigh sí san oidhche chuaidh sí go dtí na dáirse agus bhíodar go léir dúnta. Chuaidh sí thar nais go dtí an áit céadhna arís. Níorbh fhada dhí ann nuair a tháinig an sagart ar an Áltóir agus d'fhiafruigh sé an raibh aoinne ann a fhreagrochadh an t-Aifreann. Níor labhair an bhean focal agus d'imthigh an sagart thar nais.
D'innis sí a sgéal do'n sagart pharóiste agus dubhairt sé léi gabháilt chun an seipéil in aoinfheacht leis féin an oidhche 'n-a dhiaidh sin. Do chuadar chun an tséipéil agus tháinig an sagart ar an Áltóir amach san oidhche. D'fhiafruigh sé an raibh aoinne ann a fhreagrochadh an t-Aifreann. Dubhairt an sagart eile go raibh agus d'fhreagair sé an t-Aifreann. Nuair a bhí an t-Aifreann ráidhte dúbhairt sé go bhfuair sé airgead chun an Aifreann sin do rá, agus é ar an saoghal so, agus ná'r léigh sé é. Dúbhairt sé nách feicfear a thuille é freisin.(gan teideal)
“San tsean-aimsir deineadh gach fear tighe altú taréis an súipéar...”
.... ag tabairt bhuidheachais do Dhia i dtaob an méid bídh a bí aige féin agus a chuid líon-tighe i rith an lae.