Scoil: An Clochar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 13542)
- Suíomh:
- Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. M. de Lourdes Stac
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 288](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0476%2FCBES_0476_288.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 288
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá leaghadh an "Mhuin Mheóír" agus "Ceirtlíní Níghe" déanta des na sean-ceardanna anois. Fadó bhíodh gach bean-tíghe deas i gceart i ndéanamh an éadaigh. Mar seo a chuiridís chun oibre chun na stochaí do dhéanamh. Ar dtúis thugaidís leo íle ó'n gcathair agus smearaidís an olann léí. Ansan dheinidís í do cárdáíl agus ó rud é gur snáth dúbalta a bhíodh ag teastáil chun stócaí, a mhalairt de snáth i gcóir déanamh an éadaighe, castaí gach ath-snáth ar a chéíle. Sníomhtaí ansan é agus castaí leis an dtromán é. Cniotaltaí ansan é. Maidir leis an snáth a bíodh ceapuighthe do dhéanamh an éadaigh ní dheintí é do chasad. Mar seo a curtí cun a leithéid sin d'oibre. Ar dtúis cuirtí cúig nó sé cipíní ar an bhfalla agus cuirtí treis, sé sin cipín eile é bheith troigh nó mar sin amach ó'n gcéad gcipín agus ó'n gcipín deiridh ar an bhfalla. B'é an gnó a baintí as an dtreis ná go ndeintí an snáth do crosad air. Nuair a bhíodh an méid sin déanta aca. Deintí méíd áirighthe banndlaithe do cómhaireamh, an méid a ceapadh an bhean a tabarfad na ceirtlíní leo. Dá bhárr sin tá an sean-rádh so againn. "Pé nídh a thabharfaidh na ceirlíní céada dom." Nuair a bh íodh an méid sin agus an snáth ar an bhfalla, cómhairightí é ansan, méid áirighthe lamhanaca, cúig lamhanacha fichead a bhíodh sa chéad de gnáth agus cúig céad sa pláinnín. An ceard dob eadh déanamh na gciseán leis, ach tá sé ag dul as feidhm mar aon le gach nídh eile. Níl ach foth-dhuine fé'n dtuaith ag dhéanamh ciseán anois, daoine go mbíonn siad ag teastáilt uatha leis an mhóin do tharrach. Seo mar a cuirtí chun oibre. Tugtí isteach sgraith mhór leathan agus iompuigtear an taobh dearg anuas. Bionn na tuigeanna tobhtha cheana féín ag an té a bíonn a dhéanamh. Cuirtí na tuigeanna is láidre agus is sia 'na seasamh in a bpéírí ar fuid imeall na scraith. Bíonn an scraith gearrtha i(leanann ar an chéad leathanach eile)