Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 16702)
- Suíomh:
- Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An Br. B. L. Mac Eoin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó sa t-sean-aimsir ní phósadh aoinne sa t-Séipéal ach amuigh fé'n aer. Do thagadh na daoine go dtí an pósadh ag marcaidheacht ar chapaill. Do bhíodh an fear agus an bhean ag marcaidheacht ar an gcapall céadhna. Do bhíodh an fear agus an cailín a bhí le seasamh leo ar chapall eile.San oidhche do thagaidh na Buachaillí Tuighe go dtí an tig agus do bhidís ag rinnce ar feadh na h-oidhche. Do bhíodh na Buachaillí Tuighe gléasta ar nós na mbuachaillí a bhíonn ag dul tímmcheall lá an dreóilín. Do rinncidis leis an mbrideóg ar dtúis agus annsan leis na cailíní eile.Fadó do théigeadh an fear agus a ghaolta go dtí tig an cháilín agus do ghoidhidís í ingan fhios dá h-athar agus dá máthar. Uaireannta eile theigheadh an dá chlann agus an stócach go dtí an baile mór agus do shochruighidis an chleamhnais ann.Ní phósadh na daoine fadó Dé(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Seán De Barra
- Inscne
- Fireann