School: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (roll number 16702)
- Location:
- Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
- Teacher: An Br. B. L. Mac Eoin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín
- XML Page 417
- XML “Pósaithe”
- XML “Pósaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Luain. Dé Céadaoin nó De h-Aoine. Bhíodh ball eadaig nuadh agus ball seana eadaig dá caitheamh ag an gcailín. Do bhíodh bríste ghlúin agus casóg earball ar an bhfear.
Pósaithe
“San allóid sé an Inid an t-am is mó a phósadh na daoine.”
Amuigh fé'n aer nó istigh sa tighthe is mó a pósaidís. Do réir scéil thagaidís cun na h-áite coinne cun pósadh ar capall. Bhíodh an brideóg ar cúl an fhir. Bhíodh an fear agus an bhean a bhí le seasamh leó ar chapall eile. Má's amuich fé'n aer a pósaidís caitidís an oidhche ag rás ar na capaillibh ins na páirceanna. Má's sa tigh a pósaidís caithidís an oidhche ag rinnce is ag ól. Tagadh na "Buachaillí Tuighe" isteach i rith na h-oidhche agus rinncidís leis an mbrideóg ar dtúis agus annsan leis na cailíní eile. Bíodh siad gléasta suas le tuighe agus is uaidh sin a fuaireadar an t-ainm.
De gnáth deintí cleamhnas roimh ré. Téigheadh an stócach go tig an cailín dá triall. Annsan socruighidís cun buaileadh le céile lá sa bhaile. De gnáth sé lé margaidh a socruighidís cun bualadh le céile. Téighidís isteach i dtig tabhairne agus nuair a bhiodh a ndoithin ólta acu tosnuighidís ar an gcleamhnas do socrú, an(continues on next page)- Collector
- Proinsías Ó Braonáin
- Gender
- Male
- Informant
- Bríghid Ní Churráin
- Gender
- Female
- Address
- Barr na Sráide, Co. Chiarraí