Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 16702)
- Suíomh:
- Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An Br. B. L. Mac Eoin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín
- XML Leathanach 028
- XML “Scéal - Eachtra Beirt Gharsún”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a dheánfaimíd arsa Dómhnall". "Tugaimís cuaird ar an dtigh fé thalamh", arsa mise. Ní raibh uaidh acht gaoth an fhocail. "Tar a bhfeacais riamh," ar seisean. Lá ar na bháireach leogamair orainn go rabhamair ag dul ar scoil mar ghnáth. Chuadhamair i bhfolach i gCumar Glaise na Céardchan go dtí go raibh n[a] páistí eile imthighthe ar scoil. Bhí an lá go bréag agus an grian ag taitheamh go lonnra[ch] ar loch is ar lochán. "Féuch, ní fada uainn an tigh fé thalamh anois." B'fíor do, ac sar a raibh sé d'uainn againn a thuille a rádh cé cídhfimís ag teacht ach mo athair agus athair Dómhnnall [!] a bhí ag cuardhach do caoir[ibh/igh?] ar an gcnoc. Chonnac mo athair ag gearradh slaite. Chonnac athair Dómhnall ag déanamh amhla[idh.] Cad a dhéanfaimís. Dé mbeadh loch inaice liom léimfinn isteach ann acht ní raibh. Thugas dos na cosaibh é. Siúd é m'athair im dhiaid. Theip an rith orm mar bhí mo croidhe im bhéal. Bhuaileas mo cos i gcoinnibh roithleóige is baineadh trascairt asam.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Tadhg Ó Connchúbhair
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Seaghdha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Clochán Laighneacháin, Co. Chiarraí