Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)
- Suíomh:
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Bríghid Ní Fhianachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhí 'na cómhgar, teacht go dtí an tig an oidhche sin chun féasta. Nuair a bhí gach aoinne bailighthe, do chuir an stróinséar cathaoir i lár an tíghe, agus do bhuail sí an leanbh ar a h-ucht, chúiche, agus dubhairt sí. Is duit-se atáim-se 'á ínnsint a leinbh seacht mbliadhna gan baiste, gurb í mo leas-máthair a dhóigh an cruach móna. Nuair a chualaid an leas-máthair an méid seo, do bhí sí ag tógaint chúiche féin. Agus is duit-se atáim-se 'á ínnsint, a leinbh seacht mbliadhna gan baiste, gurb í mo leas-mháthair do dhóig an scioból, agus an beirt leanbh ar sí sin. Annsan do phrioc sí an dealg as cos a h-athar leis an snáthad. Nuair a fuair an t-aithari fios an scéil, bhí oiread san d'fheirg air, gur órduig sé an leas-máthair do dhógad 'na beathaid, ach ní leigfeadh an leas-inghean dóibh é. Do díbrígheadh í i bhfhad ó bhaile. Annsan d'fhág an t-athair ag a inghean, gach a raibh d'ór aige i ndiaid a bháis. D'imthig sí abhaile, agus do baisteadh an leanbh, agus do mhair sí go lán tsásta as san amach.
- Bailitheoir
- Síghle Ní Shúilliobháin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Súilliobháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Cinn Aird Thoir, Co. Chiarraí