Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)
- Suíomh:
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Bríghid Ní Fhianachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile an Sceilg (C.)
- XML Leathanach 006
- XML “Abha Cóille”
- XML “An Caoineadh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)leog air bheith marbh. Do rug sise ar chosa air, agus d'iompuig isteach fé'n mbórd é. Nuair a bhí san déunta aice, d'imthig sí, agus chuir sí uirthe an t-áprún síoda nár chaith sí ó phós sí. D'imthig sí annsan, agus chuaidh sí ag glaodhach ar an slataire mar bheadh, agus d'innis sí dhó go raibh an Gabha marbh. Nuair a tháinig seisean go béal doruis an fhir mhairbh, do leog sé sgarta gáire, agus ní mor? ná go bfeicfá a chroidhe agus a aedheanna. An fada a fhanfaimíd gan pósadh anois ar sise leis. Fanam tamall ar seisean le h-eagla go ndearfadh muinntir an bhaile mhóir gur sinne a thug cúis báis do. Im' briathar ná fanfam a mhuise ar sise, mar is ró mhaith ata fhios ag muinntir an bhaile mhóir seo ná raibh m'aigne-se riamh leis an bhfear san. D'ullamhuigh sí biadh do'n strapaire, agus bhíodar ag ithe, agus a gcosa isteach fé bhord an fhir mairbh acu araon. Do ráinig gur thug driofr óg a bhí ag an nGabhainn cuaird air. Do ghaibh sí chun na ceárdchan, agus nuair a chonnaic sí ná raibh sé ar oscailt, b'aithin sí go raibh rud éigin ar a driothár. Chuaidh sí fé dhéin an tíghe, agus nuair a chuir sí a ceann thar doras, do chonnaic sí a driothár fé'n mbórd, agus é marbh. Do ghoil sí a dóthain, agus nuair a bhí a dóthain goilte aice do thosnuigh sí ar caoineadh a dheanamh do.
- (1)
B'fuirist domhsa a aithint ar theacht fe'n sráid dom
Nuair nár chuala fuaim do cheárdchan
Ag bualadh glais, crú, na thairnghe(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Síghle Ní Shúilliobháin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Ciarbhaic
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 90
- Seoladh
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí