Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)
- Suíomh:
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Bríghid Ní Fhianachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile an Sceilg (C.)
- XML Leathanach 022
- XML “An Sagart agus an Garsún”
- XML “Eoghan Rua agus an Cníopaire Mná”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)22é arsa'n garsún. Do bhog an sagart dá chluasa, agus chóm luath agus fuair an garsún fuascailte é féin, do rith sé uaid chómh maith agus d'fhéadfadh sé, agus dubhairt sé. Tá fhios ag Dia " [?] Athair, dá mbeadh lán páirce de Dhéithib ann ní inneósfainn [?] anois é.Ainm an duine go bhfuaras an scéal uaid. Mícheál Mac an Roigh.
a aois. 66 bliadhna.
a sheólad. Baile'n Sceilg, Cíll ÁirneSíghle Ní Shuilliobháin. - Eoghan Ruadh agus an cníopaire mná
Bhí cníopaire mná fadó nár thug déirc d'aon bhacach riamh. Do chualaidh Eoghan Ruadh uirthi, agus dubhairt sé go mbeadh an diabhal di mara mbainfeadh sé féin rud éigin di. Bhuail sé isteach chúiche lá, agus 'sé an gnó bhí ar siubhal aici ná ag déanamh cuiginne. Bhuail sé anonn chun na cuiginne, agus bhuail sé greas uirthi. "Ím ar an gcuiginn seo" ar seisean, "agus ím na gcómharsan, agus a bhfuil d'ím ó'n Snaidhm go ból[?] D'imthig sí uaidh go maisiúil go ugh an bhainne, agus do thug léi go flaithiúil bhabhla breágh leamhnachta, agus thus do é, ma[?] cheap sí go bhfaighead Eoghan a ghuidhe, agus go mbeadh a raibh d'[?] ó Snaidhm go bólus aici.
Ainm an duine go bhfuaras an scéal uaidh. Mícheál Ó Drisceóil
a aois 63 bliana
Síghle Ní Drisceóil a sheóladh, Rinn, Baile 'n Sgeilg.- Bailitheoir
- Síghle Ní Drisceóil
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Drisceóil
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Seoladh
- An Rinn Dubh, Co. Chiarraí