Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)
- Suíomh:
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Bríghid Ní Fhianachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bean ann fadó, agus dhein sé tig i mbarra cnuic , agus ní raibh aon tslisneacha sa tsaoghal aice . ach doirnín cearc. Bhí cearc amháin go raibh alán sicíní aice. Do tháinig an préachán ag sciobadh na sícíní , agus do labhair an bhean leis.
A phréacháin duibh , ná dein mé scrios,
Is fág agam am méid sin
Chun go ndíolfad scilling , réal nú pinginn
Le Dómhnall Ó Conaill ó Éirinn.
Ansan do labhair an préachán
A Mháire an chnuic , an tú atá ansan
Níor aithnígheas tusa i n-aonchor
Bídís agat,, agus déin díobh purse
Agus gheobhad-sa mo dhóthain dá néaghmais.- Bailitheoir
- Síghle Ní Shúilliobháin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Micheál Mac an Ríogh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 66
- Seoladh
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí