Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)
- Suíomh:
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Bríghid Ní Fhianachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí triúr fear 'na gcómhnaidhe i n-Oileán Dairbre fadó gurb' ainm dóibh Seán Meachair, Tadhg Ó Conchubhair, agus Tadhg Rábach. Ní raibh aon nídh sa tsaoghal acu ach báidín, agus b'é a ngnó bheith ag trádáil ó Oileán Dairbre go Corcaigh le feiricíní ime agus uibhe cearc, mar ná raibh aon bhóthre ann san am san. Thugaidís earradh le nuair a bhídís ag teacht abhaile, min agus plúr agus tobac.
Uair amháin a bhíodar ann do bheir moill ortha ar feadh seachtmhaine agus iad ag faire 'na h-aon lá ar ghluaiseacht abhaile. Ceann de sna laethannta do ghaibh bean síos an cé chúcha.
"A Thaidhg," adubhairt sí, "cheapas gur sa bhaile a bhís an t-am so." "Táim ag feitheamh go mbeidh an ghaoth i bhfábhar liom," arsa Tadhg. "Ná bíodh ceist ort mar gheall ar sin," adubhairt sí. "Seo haincisiúir duit go bhfuil trí snaidhm air. Nuair a raghair go béal an phuirt amach scaoile snaidhm acu, agus más beag leat a mbeidh de shlíghe agat á dhéanamh, nuair a raghair cómh fada le cósta Chiarrauidhe, go dtí an Tarbh, an Bhó agus an Laogh, scoil an tarna snaidhm, agus ar do(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Síghle Ní Drisceóil
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Seochfradha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 40
- Seoladh
- Buaile Uí Chuill, Co. Chiarraí