Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)
- Suíomh:
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Bríghid Ní Fhianachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mar a deirim-se leat. Nuair a raghair go dtí a thig , agus nuair a fhiafróchair cá bhfuil do mhac , déarfaidh sé "gheobhair e má aithnígheann. Agus sé an tslíghe a tabharfar chughat é ná i bhfuirm colúir agus é bacach. Beidh dhá cholúr eile ann, agus ní bheidh siad ssan bacach i n-aonchor. Má fhearfruigheann sé díot cá bhfuil do mhac féin abair gurb é sin é ag poinnteáil ar an gcolúr bacach. Ghaibh sé a bheidheachas leis an iasgaire,agus d'imthigh sé go tig gabhann na gcleas. Chuir sé tuairisg a mhic ar an ngabhainn, agus dubhairt sé "gheobhair é má aithnigheann tú é." Thug sé chuige na dtrí colúir agus ceann díobh bacach. " Sin é é,ar seisean, ag poinnteáil ar an gceann bacach. ." Siné é , arsan fear eile,agus is mór an preab a fuair sé. Ní foláir nó gur stiúraigh duine éigin annso thú ,"Bheir sé na colúir thar nais chun an tseómra , agus do scaoil sé amach an mac. D'imthigh an mac abhaile le n-a athair , agus n'fheaca gabha na gcleas ,ó shoin iad.
- Bailitheoir
- Síghle Ní Drisceóil
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Seochfhradha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 40
- Seoladh
- Buaile Uí Chuill, Co. Chiarraí