Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)
- Suíomh:
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Bríghid Ní Fhianachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó , agus ní raibh aoinne sa tsaoghal aigeach aon mhac amháin. Na h-aon oidhche Nodhlag thagadh stróinséar éigin chúcha i gcóir lóisdín na h-oidhche , ach an oidhche seo ní raibh aoinne ag teacht. Bhí mí-fhoidhne ag teacht ar an athair ,agus dubhairt sé leis an mac dul amach féachaint an bhfeicfeadh sé aoinne ag teacht. Do chuaidh . Ní fheaca sé aoinne ag teacth ar feadh tamill mhaith , ach sa deire thiar thall do chonaic sé fear ag teacht treasna ná páirce agus chuaidh sé fé na dhéin. D'fhiafruig an fear de'n gharsún cá bhfaigheadh sé lóisdín na h-oichdhe. Dubhairt an garsún leis teacht go dtí na tigh féin. D' imthigheadar ortha. Chuadar isteach agus bhí an -áthas ar an athair nuair a chonac sé go raibh stóinséár tagaithe i gcóir na h-oidhche. Tugadh a shuipéar do'n stróinséar, agus is go fial agus go fáilteach a tugadh dó é. Chaith an stróinséar an oichche ag innsint sgéalta , agus is mó rud greannmhar a innis sé dóibh, agus is mó gáire a bhain sé asta, i dtreo ro raibh an oidhche ag sleamhnúghadh go tapaidh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Síghle Ní Drisceóil
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Seochfhradha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 40
- Seoladh
- Buaile Uí Chuill, Co. Chiarraí