Scoil: Baile 'n Sceilg (B.)
- Suíomh:
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán P. Ó Súilliobháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile 'n Sceilg (B.)
- XML Leathanach 165
- XML “Ór i bhFolach”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)i bPáirc na Ceallúnaíghe i náit éigin no i bpáirc éigin tímcheall air.
- Ba leis an Búithléaireach ar an gCuireán an Sceilg fadó. Do bhí a lán eanlaithe ann agus do théigheadh mórán daoine ann ag marbhu na n-éanlaithe. Do bhí daoine úirthe ceapaighthe ag an mBúithléireach chun aire a thabhairt do ar an am san go áirthe siad na Daoine a bhí aige ná beirt ón Reen gur b'ainm dóibh, Pádraig ó Drisceóil agus Mícheál ó Laidhim. Do théigeadh siad go dtí an Sceilg go minic. An lá seo do chuadar ann. Bhí bád lán de dhaoine ón nDaingean tagaithe i dtír sa Sceilg rómpa agus iad ag marbhú na n-eanlaithe go tiugh. D'imthig an beirt anáirde sa Charraig agus thosnuighdear ar mhuinntir an Daingean. Bhí maide mor darraighe ag mac Uí laidhin agus thug sé árd mharbhú dhóibh. Do ghabhadar annsan iad le córdaí agus do chuireadar isteach ins na báid iad agus do bhailúighdean leó abhaile chun an Chuireám. Nuair do thánadar i lathair an bhúithléireach níor raibh sé sásta i n-aoneor leó toisg an droch íde a thugadar ar mhuinntir an Daingin a gur i n-ionad an dlíghe a chuir ortha is(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Séamus Mac Cártha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Rialaigh, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Mícheál Mac Cártha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 28
- Seoladh
- Cill Rialaigh, Co. Chiarraí