School: Baile 'n Sceilg (B.)
- Location:
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
- Teacher: Seán P. Ó Súilliobháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile 'n Sceilg (B.)
- XML Page 199
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)mblárna amach.
- Bhí rí ann fadó agus do bhí triúr inghean aige. Aon tráthnóna amháin do chuaidh sé amach ag siúbhal é féin agus a thriúr inghean agus ar a dteacht abhaile dhóibh tháinig triúr athach aniar ist a ndheas agus sciobadar leó (soir ó trhuaidh) na triúr inghean soir ó thuaidh. Dfan an rí san áit sin go dtáinig an oidhche air agus nior tháinig a triúr inghean chuigis. Dhein sé an rud ceadhna an dara lá agus an tríomhadh lá ach níor tháinig a triúr inghean. Chuir sé gairm scoile amach aon triúr fear a gheóbhadh a thriúr inghean go bhfaighdís iad le pósadh. Bhí óifigeac san arm agus cheap sé gur fear maith é fhéin agus do labhair sé leis sárgent mar cheap sé gur feat maith eile é sin. Do thoilig an sárgent leis an gcaint. Annsan dubhairt an t, oifigeach leis cá bhfaighdís an tríomhadh fear. Do labhair an sárgent agus dubhairt sé ná beidís mar sin go bhfaigheadh sé féin fear. Dubhairt sé go raibh Príntíseach ag gabhadh áirthe gur bhainm do Johny Doyle. Do chuadar fé na dhéin agus dubhairt sé go raghadh ach go gcaitheadh sé claidheamh a bheith aige. Dubhairt an t, oifigeach leis,(continues on next page)
- Collector
- Séamus Mac Cártha
- Gender
- Male
- Address
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
- Informant
- Mártan Ó Cathasaigh
- Gender
- Male
- Age
- 50